Scéim Sparánachta na Gaeilge 2025-2026 á seoladh - Irish Language Bursary Scheme 2025-2026 Launched
Tá Gairm 1 de Scéim Sparánachta na Gaeilge 2025-2026 fógartha ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Cuideoidh an scéim le daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar na Comhairle freastal ar chúrsaí Gaeilge trí sparánacht a chur ar fáil chun cuidiú le táillí agus costais chúrsa a chlúdach.
Déanfar iarratais trí fhoirm iarratais ar líne. Beidh sin ar fáil ón Luan 10 Márta 2025, 12in. Gheofar tuilleadh eolais maidir leis an scéim ar shuíomh na Comhairle anseo https://www.newrymournedown.org/ssng áit a mbeidh nasc go chuig an iarratas ar líne.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, An Comhairleoir Pete Byrne, “Is deas liom a rá go bhfuil Scéim Sparánachta na Gaeilge le hoscailt arís i mbliana.Tá muid an-bhródúil sa Chomhairle go gcuirtear an maoiniú seo ar fáil chun cuidiú leis an phobal an Ghaeilge a fhoghlaim. Cuideoidh an scéim seo le táillí agus costais chúrsa a mhaolú. Molaim go mór don phobal ar fad cur isteach ar Scéim Sparánachta na Gaeilge agus guím rath ar gach duine cá bith áit a bhfuil siad ar a dturas foghlama!”
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ar sparánacht chun cuidiú le costais ar chúrsaí Gaeilge den chineál seo a leanas:
- Cúrsaí áitiúla Gaeilge
- Cúrsaí Gaeltachta
- Módúil ar chúrsaí Gaeilge
- Dianchúrsaí Gaeilge
Cuirfear fáilte roimh iarratais le haghaidh cúrsaí a bheidh ar siúl idir: 01 Aibreán 2025 – 30 Meán Fómhair 2025
Dáta oscailte: Dé Luain 10 Márta 2025, 12 nóin
Tabhair faoi deara: ní ghlacfar le hiarratas roimh an dáta oscailte.
Is féidir foirm iarratais a chomhlánú agus a chur isteach anseo: https://forms.office.com/e/42r3rnscRw
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAonad na Gaeilge ar lorg tuilleadh eolais
Ríomhphost: gaeilge@nmandd.org
Uimhir ghutháin: 0330 137 4463
Newry, Mourne and Down District Council have announced the opening date for Call 1 of the Irish Language Bursary Scheme 2025-2026. The scheme will help residents in the district to attend Irish Language colleges and courses through bursary assistance aimed at covering course costs and fees.
Applications will be submitted via an online application form. This will be available from 12noon on Monday 10 March 2025. Further information regarding the scheme can be found on the Council’s website www.newrymournedown.org/ssng where a link to the online application can be accessed from the schemes opening date.
Newry, Mourne and Down District Council Chairperson, Councillor Pete Byrne said, “I am delighted to say that the Irish Language Bursary Scheme is opening again this year. We are very proud in Council that we can make this funding available to help the community learn the Irish Language. This scheme will help to alleviate some of the course fees and costs learners face. I highly recommend Council’s Irish Language Bursary Scheme to all in our community and wish everyone well in their Irish Language learning journey!”
Newry, Mourne and Down District Council invites applications for bursaries towards:
- Local Irish Language Courses
- Gaeltacht Colleges
- Modules within Irish Language Courses
- Intensive Irish Language Courses
Applications are welcome for courses taking place between: 1 April 2025 – 30 September 2025
Opening date: Monday 10 March 2025, 12 noon
Please note: no applications will be accepted prior to the opening date.
Applications can be completed and submitted online via: https://forms.office.com/e/42r3rnscRw
For further information please contact The Irish Language Unit:
Email: gaeilge@nmandd.org
Phone: 0330 137 4463