Scéim Sparánachta na Gaeilge 2023-2024 á Seoladh
Scéim Sparánachta na Gaeilge 2023-2024 á Seoladh
Tá Scéim Sparánachta na Gaeilge 2023-2024 fógartha ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Cuideoidh an scéim le daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar na Comhairle freastal ar choláistí agus ar chúrsaí Gaeilge trí sparánacht a chur ar fáil chun cuidiú le táillí agus costais chúrsa a chlúdach.
Chun é a dhéanamh níos éasca ar chónaitheoirí iarratas a chur isteach, forbraíodh iarratas ar líne, a bheas ar fáil ó nóin ar Luan 13 Márta 2023. Gheofar tuilleadh eolais maidir leis an scéim ar shuíomh na Comhairle anseo https://www.newrymournedown.org/ssng áit a mbeidh nasc go dtí an iarratas ar líne ar fáil ar lá oscailte na scéime.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, An Comhairleoir Michael Savage,
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an Chomhairle in ann tacú le pobal na Gaeilge arís i mbliana tríd an scéim thábhachtach seo. Cuideoidh Scéim Sparánachta na Gaeilge leis an phobal a threisiú agus a neartú; agus cuideoidh sí le deiseanna foghlama a chur ar fáil do roinnt mhaith daoine éagsúla sa phobal.
“Beidh teaghlaigh, páistí agus daoine óga ábalta tairbhe a bhaint as an scéim agus iad ag iarraidh freastal ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Beidh tacaíocht ar fáil fosta do dhaoine d’achan aois atá ag iarraidh dul chuig ranganna rialta, rud atá iontach tábhachtach mar mhodh sóisialta chomh maith leis an fhoghlaim.”
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ar sparánacht chun cuidiú le costais ar chúrsaí Gaeilge den chineál seo a leanas:
- Cúrsaí áitiúla Gaeilge
- Cúrsaí Gaeltachta
- Módúil ar chúrsaí Gaeilge
- Dianchúrsaí Gaeilge
Beidh na cúrsaí seo ar siúl sa dhá thréimhse thíosluaite -
Tréimhse 1: 01 Aibreán 2023 – 30 Meán Fomhair 2023
Tréimhse 2: 01 Deireadh Fómhair 2023 – 31 Márta 2024
Dáta oscailte: Dé Luain 13 Márta 2023, 12 nóin
Tabhair faoi deara: ní ghlacfar le hiarratas roimh an dáta oscailte.
Is féidir foirm iarratais a chomhlánú agus a chur isteach anseo: https://forms.office.com/e/J0vRf08gdX
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAonad na Gaeilge ar lorg tuilleadh eolais
Ríomhphost: gaeilge@nmandd.org
Uimhir ghutháin: 0330 137 4463
Grúpaí Áitiúla agus Eagraíochtaí a chuireann Cúrsaí Gaeilge ar fáil
Tá grúpaí Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla sa cheantar a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil sa seomra ranga agus ar líne. Thíos faoi, tá liosta de ghrúpaí Gaeilge agus leathanaigh Facebook chun cuidiú leat páirt a ghlacadh i gcúrsaí Gaeilge.
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail
facebook.com/gaelphobalardmhachatheas
Chomh maith leis sin, thíos faoi seo, tá liosta d’eagraíochtaí eile atá in ann cuidiú leat Gaeilge a fhoghlaim i ranganna atá ar siúl cóngarach duit nó ar líne.
Is féidir leat tuilleadh eolais ar Scéim Sparánachta na Gaeilge nó ar na heagraíochtaí thuasluaite a fháil trí rphost a chur chuig gaeilge@nmandd.org nó ar www.newrymournedown.org/gaeilge.
Irish Language Bursary Scheme Launched for 2023-2024
Newry, Mourne and Down District Council have announced the opening date of the Irish Language Bursary Scheme 2023-2024. The scheme will help residents in the district to attend Irish Language colleges and courses through bursary assistance aimed at covering course costs and fees.
To make it easier for residents to submit their applications to the scheme, a new online form has been developed, which will be available from 12noon on Monday 13 March 2023. Further information regarding the scheme can be found on the Council’s website www.newrymournedown.org/ssng where a link to the online application can be accessed from the schemes opening date.
Newry, Mourne and Down District Council Chairperson, Councillor Michael Savage said, “I am delighted to announce that the Council will support the Irish-speaking community again this year through this important scheme. The Irish Language Bursary Scheme will help strengthen the language community; and will help provide learning opportunities for many different people across the district.
Through the Bursary Scheme, residents and particularly young people will be given the support to help them enjoy the unique experience of attending summer colleges in the Gaeltacht, and learners of all ages will be supported and therefore encouraged to attend regular classes again which is a key social outlet for many in our district.”
Newry, Mourne and Down District Council invites applications for bursaries towards:
- Local Irish Language Courses
- Gaeltacht Colleges
- Modules within Irish Language Courses
- Intensive Irish Language Courses
Taking place in the following periods:
Period 1: 1 April 2023 – 30 September 2023
Period 2: 1 October 2023 – 31 March 2024
Opening date: Monday 13 March 2023 12 noon
Please note: no applications will be accepted prior to the opening date.
Applications can be completed and submitted online via: https://forms.office.com/e/J0vRf08gdX
For further information please contact The Irish Language Unit:
Email: gaeilge@nmandd.org
Phone: 0330 137 4463
Local Groups and Organisations providing Irish Language Courses
Various Irish Language groups and organisations in the district offer courses both in the classroom environment and virtually. Below is a list of Irish Language based groups on Facebook to help you find out more about Irish classes and courses in your area.
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail
facebook.com/gaelphobalardmhachatheas
In addition, below are some other great online resources to help you find out what Irish Language events are going on near you or online.
For further information on the Irish Language Busary Scheme 2023-2024 or the organisations mentioned above please email gaeilge@nmandd.org or visit