Gairm 2 de Scéim Sparánachta na Gaeilge 2023-2024 á seoladh
Tá Gairm 2 de Scéim Sparánachta na Gaeilge 2023-2024 fógartha ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Cuideoidh an scéim le daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar na Comhairle freastal ar chúrsaí Gaeilge trí sparánacht a chur ar fáil chun cuidiú le táillí agus costais chúrsa a chlúdach.
Chun é a dhéanamh níos éasca ar chónaitheoirí iarratas a chur isteach, forbraíodh iarratas ar líne, a bheas ar fáil ón Luan 25 Meán Fómhair 2023, 12in. Gheofar tuilleadh eolais maidir leis an scéim ar shuíomh na Comhairle anseo
https://www.newrymournedown.org/ssng áit a mbeidh nasc go dtí an t-iarratas ar líne.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, An Comhairleoir Valerie Harte,
“Is dea-sceál é arís go bhfuil an scéim seo ag athoscailt don dara gairm. Is cúis bhróid dúinn sa Chomhairle go dtig linn cuidiú leis an phobal an Ghaeilge a fhoghlaim.
“Tuigeann muid go maith go bhfuil brúanna móra an tsaoil ag cur isteach ar an phobal ar fad agus cuideoidh an scéim seo le táillí agus costais chúrsa a mhaolú.
“Molaim go mór do chách, idir óg is aosta, cur isteach ar Scéim Sparánachta na Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge le tamall anuas nó go bhfuil tú ag smaoineamh ar thoiseacht. Anois an t-am is fearr le triail a bhaint aisti!”
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ar sparánacht chun cuidiú le costais ar chúrsaí Gaeilge den chineál seo a leanas:
• Cúrsaí áitiúla Gaeilge
• Cúrsaí Gaeltachta
• Módúil ar chúrsaí Gaeilge
• Dianchúrsaí Gaeilge
Cuirfear fáilte roimh iarratais le haghaidh cúrsaí a bheidh ar siúl idir: 01 Deireadh Fómhair 2023 – 31 Márta 2024
Dáta oscailte: Dé Luain 25 Meán Fómhair 2023, 12 nóin
Tabhair faoi deara: ní ghlacfar le hiarratas roimh an dáta oscailte.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAonad na Gaeilge ar lorg tuilleadh eolais
Uimhir ghutháin: 0330 137 4463
Grúpaí Áitiúla agus Eagraíochtaí a chuireann Cúrsaí Gaeilge ar fáil
Tá grúpaí Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla sa cheantar a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil sa seomra ranga agus ar líne. Thíos faoi, tá liosta de ghrúpaí Gaeilge agus leathanaigh Facebook chun cuidiú leat páirt a ghlacadh i gcúrsaí Gaeilge.
facebook.com/boirche.iochtar
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
Newry, Mourne and Down District Council have announced the opening date for Call 2 of the Irish Language Bursary Scheme 2023-2024. The scheme will help residents in the district to attend Irish Language colleges and courses through bursary assistance aimed at covering course costs and fees.
To make it easier for residents to submit their applications to the scheme, a new online form has been developed, which will be available from 12noon on Monday 25 September 2023. Further information regarding the scheme can be found on the Council’s website www.newrymournedown.org/ssng where a link to the online application can be accessed from the schemes opening date.
Newry, Mourne and Down District Council Chairperson, Councillor Valerie Harte said, “It is great news again that this scheme is reopening for a second call. Council is very proud that we can help the public in this way on their Irish Language learning journey.
"We are well aware that there are great pressures affecting the lives of our entire community and this scheme will help to alleviate some of those course fees and costs learners face.
"I highly recommend Council’s Irish Language Bursary Scheme to all, young and old, whether you've been learning Irish for a while or you're just thinking about starting. Now is the best time to try it!”
Newry, Mourne and Down District Council invites applications for bursaries towards:
• Local Irish Language Courses
• Gaeltacht Colleges
• Modules within Irish Language Courses
• Intensive Irish Language Courses
Applications are welcome for courses taking place between: 1 October 2023 – 31 March 2024
Opening date: Monday 25 September 2023 12 noon
Please note: no applications will be accepted prior to the opening date.
For further information please contact The Irish Language Unit:
Local Groups and Organisations providing Irish Language Courses
Various Irish Language groups and organisations in the district offer courses both in the classroom environment and virtually. Below is a list of Irish Language based groups on Facebook to help you find out more about Irish classes and courses in your area.
facebook.com/boirche.iochtar
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail
facebook.com/gaelphobalardmhachatheas
facebook.com/glor.uachtartire
facebook.com/milefailte15
In addition, below are some other great online resources to help you find out what Irish Language events are going on near you or online.
For further information on the Irish Language Busary Scheme 2023-2024 or the organisations mentioned above please email
gaeilge@nmandd.org or visit