Daltaí Scoile Ceardlann Raidió / School Pupils Radio Workshop
Trí chomhfhiontar idir Aonad na Gaeilge i gComhairle Ceantair an Iúir Mhúrn agus an Dúin, an staisiúin raidió pobail Raidió Fáilte 107.1fm agus Scoil an Chroí Ró-Naofa, Iúr Cinn Trá, fuair daltaí scoile ó Scoil an Chroí Ró-Naofa agus Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá deis a gcuid scileanna a fhorbairt i léiriú raidió agus clár raidió Gaeilge dá gcuid féin a dhéanamh.
Rinneadh trí cheardlann leis na daltaí scoile a thug seans dóibh a gcuid scileanna a fhorbairt i dtaighde, scríobh scripte, agallaimh agus thug siad taithí dóibh i dtaifeadadh fuaime. Tá súil ag an Chomhairle go mbeidh níos mó tionscadal den tsaghas seo le scoileanna éagsúla sa cheantar sna blianta atá amach romhainn.
Craolfar an clár raidió ar a 7in ar an Chéadaoin 29 Samhain, agus ar a 2in ar an Déardaoin 30 Samhain ar Raidió Fáilte 107.1fm agus beidh sé ar fáil mar phodchraoladh ar www.raidiofailte.com.
Through a joint venture between Newry, Mourne and Down District Council's Irish Language Unit, Irish language community radio station Raidió Fáilte 107.1fm and Sacred Heart Grammar School, Newry, school pupils from both the Sacred Heart and Abbey Grammar in Newry were given the opportunity to develop their skills in radio production and make their own Irish language radio programme.
The three workshops offered pupils a chance to develop skills in research, script-writing, interview skills and technical experience in recording sound. The project is hoped to be one of many involving a number of schools in the district over coming years.
The radio programme will be broadcast at 7pm on Wednesday 29 November, and at 2pm on Thursday 30 November on Raidió Fáilte 107.1fm and will be available as a podcast on www.raidiofailte.com.