Ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2023 le Taispeáint Bheochana, Scannáin, Ceolchoirm Teaghlaigh agus Ceol Traidisiúnta
Cuideoidh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge i mbliana trí chlár speisialta ábhar agus imeachtaí ó 1 Márta go Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta. Is í an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan Seachtain na Gaeilge mar a dhéanann ceiliúradh ar theanga dhúchais agus chúltúr na hÉireann. Bíonn imeachtaí iontacha ag tarlú i dtíortha éagsúla go bliantúil.
Tabharfaidh an clár imeachtaí deis do dhaoine sult agus taitneamh a bhaint as an Ghaeilge trí réimse éagsúil ábhar. Más glanfhoghlaimeoir thú nó má tá Gaeilge líofa agat, cuirfear fáilte mhór romhat. Is féidir le ceol agus scéalaíocht muid a spreagadh chun foghlaim, fás, agus dul i dtreo na teanga. Tugann an t-ábhar ar líne deis bhreise do dhaoine sult a bhaint as an Ghaeilge.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, an Comhairleoir Michael Savage, “Tá teacht aniar agus diongbháilteacht léirithe ag daoine aonair agus grúpaí áitiúla Gaeilge as dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu le blianta beaga anuas. Tá lúcháir orm go bhfuil pobal na Gaeilge ag teacht le chéile arís i rith Sheachtain na Gaeilge, chun an teanga a cheiliúradh ar fud ár gceantair. Tá tionscadail agus imeachtaí forbartha ag an Chomhairle a chuireann leis an obair atá ar bun ag an phobal áitiúil. Tá mé ag súil go mór leis an tsraith nua beochana Gaeilge agus an tsraith físeán úr faoi logainmneacha a bheidh le feiceáil ar ár gcainéal YouTube.”
Beidh Scéim Sparánachta na Gaeilge 2023-24 ag oscailt Dé Luain an 13 Márta ag meán lae. Chun a thuilleadh eolais a fháil agus le hiarratas a dhéanamh, téigh go: www.newrymournedown.org/ssng
Príomhthograí Sheachtain na Gaeilge 2023:
Seoladh ‘Dochreidte’ – Sraith beochana scríofa ag daltaí áitiúla
Is sraith de dheich mbeochan atá léirithe ag Boom Clap Play é an togra ‘Dochreidte’. Tháinig bunús na scripteanna ó scéalta cruthaitheacha a scríobh deichniúr dalta ó bhunscoileanna áitiúla i rith aimsir na paindéime. Forbraíodh an tsraith físe le tacaíocht ón Chomhairle, chomh maith le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge faoi choimirce Scáileán Tuaisceart Éireann.
Anois agus na físeáin curtha i gcrích, beidh imeacht speisialta ag tús Sheachtain na Gaeilge 2023 Dé Céadaoin an 01 Márta chun iad a thaispeáint ar an scáileán mhór i bpictiúrlann Omniplex in Iúr Cinn Trá. Tiocfaidh daltaí ó na cúig bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantair, chomh maith le daltaí iar-bhunscoile chun na gearrthóga beochana seo a fheiceáil den chéad uair ar an scáileán. Sruthófar an tsraith de 10 mbeochan dar teideal “Dochreidte” ar ardáin meán sóisialta na Comhairle agus ar an ardán Gaeilge ar líne Meon Eile mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Chun a thuilleadh eolais a aimsiú, téigh go: www.meoneile.ie nó www.youtube.com/@newrymournedowndistrictcouncil
Lá na Gaeilge le Ceolchoirm ‘Ceol na Sióg’ – Tí Chulainn
Dé Sathairn an 11 Márta, tá lá speisialta pleanáilte lán de cheol. Ar dtús beidh ceolchoirm ‘Ceol na Sióg’ le Gráinne Holland ar 11am i dTí Chulainn ar an Mhullach Bán.
Tá na sióga ag tabhairt cuireadh duit cuairt a thabhairt ar an domhan draíochtach atá thart timpeall orainn ar fad; an domhan nadúrtha. Bíodh sé i measc na mbláthanna, ar bharr na gcrann, faoi scáth na gealaí láine nó faoin tonn, tá comhluadar ceolmhar sí ag fanacht leat agus ag súil lena véarsaí draíochtacha a roinnt leat!
Tar le Gráinne Holland agus a cairde ceolmhara ar aistear go domhan draíochta an aosa sí. Fríd scéalta, amhráin, cheol agus damhsa, beimid faoi dhraíocht an domhain nádúrtha.
I ndiaidh lóin beidh searmanas speisialta ar siúl le buanna ceoil agus cultúir Ghaelphobal Ard Mhacha Theas a cheiliúradh. Beidh Cathaoirleach na Comhairle an Comhairleoir Michael Savage i dTí Chulainn chun duais a bhronnadh ar an ghrúpa agus iad a mholadh as a gcuid éachtanna. Beidh seisiún ceoil ann mar chuid den imeacht seo faoi stiúir an ‘Traditional Arts Partnership’ ó Ard Mhacha Theas.
Ábhar físe ar chainéal YouTube na Comhairle
I rith na paindéime, thosaigh an Chomhairle ag cruthú ábhar físe don phobal a roinneadh ar chainéal YouTube na Comhairle, agus ar na meáin shóisialta. Anois in 2023, tá cartlann ábhar físe ar líne a mbeidh an pobal in ann taitneamh a bhaint aisti: www.youtube.com/@newrymournedowndistrictcouncil
Ina measc, beidh sraith nua físe á seoladh ag an Chomhairle go luath: ‘Ar Leac an Dorais Agat’. Is sraith de cheithre físeán déag í, a thugann léargas ar na logainmneacha atá le haimsiú i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Déanadh an togra seo le cuidiú ó shaineolaithe, chomh maith le scannánaíocht ón aer a chuireann áilleacht ár gceantair os ár gcomhair.
Beidh dhá sheoladh ar siúl don tsraith seo; an chéad cheann in Iarsmalann Chontae an Dúin Dé Sathairn an 18 Márta ar mheán lae agus imeacht eile in Iarsmalann an Iúir agus Mhúrn Dé Sathairn an 1 Aibreán ar mheán lae, beidh fáilte roimh an phobal ag na himeachtaí seo. Scaoilfear eisiúint nuachta ar an sraith seo go luath agus beidh eolas breise agus ticéid do na himeachtaí seo ar fáil go luath.
Togra Luas-Léitheoireachta le Bunscoileanna an Cheantair
Beidh togra Luas-Léitheoireachta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge arís i mbliana i gcomhpháirt le bunscoileanna áitiúla. Tugann an togra seo deis iontach do dhaltaí sna cúig bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar a gcuid scileanna léitheoireachta a chleachtadh trí leabhair oiriúnacha a chur ar fáil dóibh.
Club Óige an Dúin – Turas go Sabhall
Tá eagraíocht nua pobal cruthaithe i mbliana le tacaíocht ó na trí ghrúpa Gaeilge i gceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin; is é sin Club Óige an Dúin. Tháinig Conradh na Gaeilge – Boirche Íochtar, Glór Uachtar Tíre agus Cumann Gaelach Leath Chathail le chéile leis an eagraíocht seo a bhunú. Bhí sé ina sprioc acu clubanna óige sa cheantar a thabhairt le chéile i gcóir imeachtaí, agus le cinntiú go mbeidh go leor tacaíochta agus acmhainní ag na grúpaí seo.
Beidh imeacht speisialta ar siúl do Sheachtain na Gaeilge i mbliana le daoine óga ó na trí ghrúpa Gaeilge seo a thabhairt le chéile i gcóir turas treoraithe go Sabhall Dé Sathairn an 11 Márta.
Grúpaí Áitiúla agus Acmhainní Ar Líne
Tá grúpaí Gaeilge agus daoine aonaracha fud fad an domhain ag eagrú a gcuid imeachtaí féin, cuid mhaith acu a bheas ar fáil ar líne. Is féidir le Fóram an Dúin & Oirialla tú a choinneáil ar an eolas trí facebook.com/Fóram-an-Dúin-Oirialla maidir le himeachtaí ar líne agus acmhainní eile le linn Sheachtain na Gaeilge agus ar feadh na bliana.
Tá go leor grúpaí Gaeilge eile ag obair go dian sa chúlra chun tacú le daoine an teanga a cheiliúradh. Thíos faoi tá liosta de ghrúpaí Gaeilge agus leathanaigh Facebook s’acu chun cuidiú leat níos mó eolais a fhiosrú agus páirt a ghlacadh.
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail
facebook.com/gaelphobalardmhachatheas
Chomh maith leis sin, thíos faoi seo tá acmhainní iontacha eile chun cuidiú leat fáil amach faoi imeachtaí Gaeilge atá ar siúl cóngarach duit nó ar an taobh eile den domhan!
facebook.com/SeachtainnaGaeilge
instagram.com/snagaeilge
twitter.com/SnaGaeilge
Is féidir leat tuilleadh eolais ar Sheachtain na Gaeilge nó ar na himeachtaí thuasluaite a fháil trí rphost a chur chuig gaeilge@nmandd.org nó ar www.newrymournedown.org/snag.